01 Aibreán 2025
40 Bliain Ar Aghaidh…Filleann an Amhránaíocht do 2025!
Tá Cór Náisiúnta na nÓg ag ceiliúradh 40 bliain i mbliana. Ar feadh trí seachtaine ón Mháirt 25 Márta ar aghaidh, beidh suas le 8,000 dalta bunscoile ag canadh clár amhrán Chór Náisiúnta na nÓg (15 amhrán san iomlán) i 22 ceolchoirm ar fud na tíre. Tá ceolchoirmeacha Réigiúnacha Bhaile Átha Cliath á reáchtáil thar 8 n-oíche san Airéine Náisiúnta Cispheil i dTamhlacht.
Bhí na daltaí ó R5 agus R6 i nGaelscoil Thaobh na Coille ar stáitse Dé Máirt in éineacht le daltaí ó St Brigids GNS, Bayside NS, Paradise Place ETNS, agus Bishop Galvin NS. Oíche iontach ceoil agus amhránaíochta a bhí ann. Le tionlacan ceolfhoireann agus faoi stiúr an Stiúrthóir Ceoil Orla Gillen (iníon bunaitheoir an Chóir, an Dr Seán Creamer), chan an cór de c.500 dalta go binn, bríomhar in ard a gcinn is a ngutha.
Bhíomar an-bhródúil as gach uile dhuine de na daltaí as an mbealach inar chanadar agus gur iompraíodar iad féin le linn na ceolchoirme. Tá súil agam go bhfanfaidh cuid de na hamhráin ón stór iontach, éagsúil seo leo agus iad ina ndaoine fásta.