Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Seó Faisin 2025

01 Márta 2025

Seó Faisin 2025

Gabhann le Bord Bainistíochta Ghaelscoil Thaobh na Coille buíochas ó chroí a ghabháil le Coiste na dTuismitheoirí agus an fo-choiste speisialta (na 3 Sarah, Jenna & Adrienne) a tháinig le chéile chun an Seó Faisin a bhí ar siúl in Óstán an Talbóidigh ar an 1ú Márta a eagrú. Tuigimíd an obair ollmhór a chuir gach duine isteach leis an oíche iontach seo a eagrú  agus táimid thar a bheith buíoch do gach duine a thug lámh cúnta, beag nó mór, leis an Seó Faisin a chur ar siúl. Buíochas freisin le bean a’tí na hoíche, Tara Loughrey Grant. Comhgháirdeas leis na mainicíní ar fad a ghlac páirt sa seó – bhí gach duine acu ar fheabhas agus an-phroifisiúnta. D’éirigh thar barr leis an oíche agus bhí an t-atmaisféar le linn agus i ndiaidh an Seó Faisin thar cionn, a bhuíochas do na tuismitheoirí agus don lucht féachanna a tháinig amach agus a léirigh a dtacaíocht don scoil agus d’obair an Choiste.

Tuigimid go raibh go leor daoine eile a chabhraigh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile ar an oíche, ach ba mhaith linn moladh agus buíochas ar leith a ghabháil le Sarah McGovern as an éacht a rinne sí an rud ar fad a tharraingt le chéile. Ní bheadh aon Seó Faisin ann gan í.  Míle buíochas leí.