Márta 2025
Bleaist Eolaíochta 2025
Ghlac R5A agus R4B páirt sa Bhleaist Eolaíochta a bhí ar siúl an mhí seo caite san RDS. Bhain an dá rang an-taitneamh as na turgnaimh ar fad a bhí ar siúl acu sna ranganna agus bhaineadar taitneamh as an ullmhúchán a bhain leis an lá chomh maith.
Chuir na páistí an t-uafás iarracht isteach san obair a bhí ar bun acu agus bhaineadar an-taitneamh as an ócáid. Chuir an dá rang taispeántas iontach i láthair agus fuaireadar ard-mholadh ón mholtóir a bhí an-tógtha leis an dá thurgnaimh. Bhí an-lá go deo acu agus déanaimid comhghairdeas leis na páistí as ucht an obair dhian a rinne siad.