Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Iontráil

Polasaí Iontrála Ghaelscoil Thaobh na Coille

Tá cóip de Pholasaí Iontrála Ghaelscoil Thaobh na Coille ar fáil anseo:Polasaí Iontrála Gaelscoil Thaobh na Coille

Iarratas ar Iontráil don Scoilbhliain 2025/2026

Tosóidh an scoil ag glacadh le hiarratais i gcomhair iontráil don scoilbhliain 2025/2026 ar an 01/10/2024

Stopfaidh an scoil ag glacadh le hiarratais i gcomhair iontráil don scoilbhliain 2025/2026 ar an 25/10/2024

Is é an dáta faoina gcuirfear an cinneadh maidir lena n-iarratas in iúl d’iarratasóirí ná an 15/11/2024

Is í an tréimhse nach mór d’iarratasóirí a dheimhniú go bhfuil siad ag glacadh le tairiscint ar áit sa scoil ná an 15/11/2024 go dtí 29/12/2024

Tá an ‘Fógra Bliantúil maidir le Ligeann Isteach i dtaca le ligeann isteach i scoilbhliain 2025/2026’  le fáil anseo: Fógra Maidir le Ligean Isteach 2025-2026

Foirm Iarratais don Scoilbhliain 2025/2026

Is gá do gach duine a bhfuil spéis acu áit a fháil dá bpáiste i rang naíonáin shóisearacha don scoilbhliain 2025/2026 Foirm Iarratais ar Iontráil don Scoilbhliain 2025/2026 a líonadh anois.

Cliceáil ar an nasc seo le FOIRM IARRATAIS ar IONTRÁIL 2025/2026 a chomhlánú ar-líne: NASC ar fáil ón 01/10/2024

Cliceáil ar an nasc seo le Foirm Iarratais ar Iontráil don Scoilbhliain 2025/2026 a íoslódáil: Foirm Iarratais don Scoilbhliain 2025-2026

Líon an fhoirm agus seol an fhoirm comhlánaithe ar ais ag an scoil roimh an 25/10/2024 ag an seoladh r-phoist seo a leanas: gaelscoil@taobhnacoille.ie     (Nuair a bhíonn an fhoirm comhlánaithe á shábháil agat cuir ainm do pháiste sa teideal  ie ‘Foirm Iarratais 2025/2026 ainm an pháiste‘)

Polasaí Iontrála Athbhreithnithe

Tá ceangaltas ar gach scoil Polasaí Iontrála nua a chur i bhfeidhm ón 01/02/2020 agus cloí le coinnialla áirithe mar atá leagtha síos ag an Roinn Oideachas & Scileanna & an Acht Oideachais 2018.

Tá Polasaí Iontrála na scoile athbhreithnithe ag an mBord Bainistíochta agus tá sé ag teacht leis na socruithe athbhreithnithe i leith ligean isteach i scoileanna, a cheanglaítear le halt áirithe den Acht Oideachais (Ligean isteach i scoileanna) 2018.

Tosaíodh ar an athbhreithniú seo ar an 1 Feabhra 2020 agus tháinig deireadh feidhme leis an bpolasaí cláraithe a bhí i bhfeidhm ag an am sin (Polasaí Cláraithe Gaelscoil Thaobh na Coille 2017).

Is féidir an Polasaí Iontrála athbhreithnithe a léamh ina iomláine ach cliceáil ar an nasc seo thíos

Nasc: Polasaí Iontrála Ghaelscoil Thaobh na Coille (Nollaig 2022): Polasaí Iontrála Gaelscoil Thaobh na Coille 

Riachtanas Iontrála Naíonáin Shóisearacha

Glacfar le hiarratais do pháistí a bheidh 4 bliana d’aois, ar a laghad, roimh an 1 Meán Fómhair don bhliain iarratais.

Glacfar le huasmhéad 60 dalta in aon scoilbhliain amháin (dhá shraith)

Ní ghlacfar a thuile le foirmeacha iarratais ar áit sa scoil ach amháin laistigh de thréimhse ama ainmnithe ar leith i bhfómhar na bliana sula bhfuil sé i gceist go dtosódh an pháiste ar scoil – an 1 Deireadh Fómhair ar a luaithe.

Ró-éileamh

Sa chás go bhfuil ró-éileamh ar an scoil, déanfaidh an scoil na critéir roghnaithe a leanas a chur i bhfeidhm san ord ina bhfuil siad thíos maidir leis na hiarratais a fhaightear laistigh den amlíne chun iarratais a fháil mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála na scoile agus na hiarratais ar chead isteach á gcinneadh aici.

1. Páistí gur deimhin leis an scoil gur ghnóthaigh an dalta leibhéal líofachta sa Ghaeilge i suíomh neamhoideachasúil agus go mbeadh an dóchúlacht ann go rachadh an líofacht sin ar gcúl mura ligfí isteach i scoil lán-Ghaeilge é/í.*

2. Siblín** le dalta reatha na scoile nó le hiardhalta a d’fhreastail ar an scoil.

3. De réir aoise; an páiste is sine ar dtús.

* Beidh an dualgas iomlán ar thuismitheoirí/chaomhnóirí fianaise leordhóthanach a chur ar fáil chun leibhéal líofachta sa Ghaeilge a léiriú don bhord. Féach eolas breise sa cháipéis ábhartha atá ar fáil ón scoil.

** Deartháireacha, deirfiúracha, leath-shiblíní, páistí altramaigh nó uchtaithe

Tá cóip de Pholasaí Cláraithe Ghaelscoil Thaobh na Coille (Nollaig 2022) ar fáil anseo: Polasaí Iontrála Gaelscoil Thaobh na Coille